Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 agus go mbeidh san am céanna clann mhac na ríochta á gcaitheamh amach sa dorchadas taobh amuigh di; mar a mbeifear ag sileadh deor agus ag díoscán fiacal.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Acht teilgfear clann na ríoghachta amach san dorchadas amuigh: béidh gol agus díoscarnach fiacal annsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 ach clann na Ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:12
19 Tagairtí Cros  

agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal;


agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha.


agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Agus caithidh amach an searbhónta neam‐hthairbheach sa dorchacht atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.


Is sibh‐se clann na bhfáidh, agus clann an chonnartha do‐rinne Dia le n‐bhúr sinnsearaibh, g‐á rádh le h‐Abracham, Id’ shliocht‐sa beannóchar clanna an domhain go léir.


Israelítigh, gur leo an uchtcacht, agus an ghlóir, agus na connartha, agus an dlighe, agus adhradh Dé, agus na geallamhnacha;


Toibreacha gan uisce is eadh a leithéidí úd, scamaill d’á scuabadh le cuaifeach gaoithe, go bhfuil duibhe na dorchachta i ndán dóibh.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais;


garbh‐thonna fairrge, ag brúchtadh a náire féin amach; réaltana seachránacha go bhfuil dorchacht an duibheachain fá n‐a gcómhair go deoidh.


Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí