Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus adeirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n domhan thoir agus ó’n domhan thiar, agus go suidhfidh siad i bhfochair Abrachaim, agus Íosóig,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Deirim libh gurb iomaí duine a thiocfas anoir agus aniar le suí ag an mbord le hAbracham, le hÍosóg, agus le hlácób i ríocht na bhflaitheas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus deirim libh go dtiocfaidh mórán as an oirthear agus as an iarthar, agus go suidhfidh siad síos le h-Abraham, le h-Isaac, agus le h-Iacób i ríoghacht na bhflaitheas:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus deirim ribh, Go ttiocfuidh morán ó náird shoir agus ó náird shíar, agus suighfid a bhfochair Abhraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioghachd neamhdha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Deirim libh, go dtiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina suí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i Ríocht na bhflaitheas;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:11
40 Tagairtí Cros  

Adeir siad‐san leis, Scriosfaidh sé na cuirpthigh sin go millteach, agus bhéarfaidh sé an fíonghort ar cíos do scológaibh eile, bhéarfas na tortha dhó ’n‐a séasúraibh féin.


Agus cuirfidh se a aingil amach le glaodh mór stuic, agus baileochaidh siad a fhiréin ó na ceithre gaothaibh, ó imeall go h‐imeall neimhe.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.


Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.


Agus tharla go bhfuair an bochtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐ucht Abrachaim: agus fuair an duine saidhbhir bás, leis, agus do h‐adhlacadh é.


Agus lucht an timcheall‐ghearrtha do chreid, an méid díobh tháinig i n‐éinfheacht le Peadar, do bhí iongnadh mór ortha de bhrigh gur doirteadh tíodhlacadh an Spioraid Naomh ar an Cineadhachaibh féin.


Agus nuair do‐chualadar an méid sin, do chiúnuigh siad, agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Is léir, mar sin, go bhfuil aithrighe chum na beathadh tabhartha ag Dia do na Cineadhachaibh féin.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


Agus nuair thángadar, agus do chruinnigheadar an eaglais i gceann a chéile, d’inniseadar gach a ndearna Dia tríotha, agus cionnas mar d’fhoscail sé doras creidimh do na Cineadhachaibh.


Acht anois atá Críost éirighthe ó na marbhaibh, is é céad‐toradh na ndaoine atá fá shuan é.


Nach bhfuil a fhios agaibh nach sealbhóchaidh lucht éagcóra ríoghacht Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfaighidh lucht striapachais, ná lucht íodhal‐adhartha, ná lucht adhaltrannais, ná lucht macnais, ná sodamaigh, ná gadaidhthe,


is é sin go bhfuil na Cineadhacha ’n‐a gcómh‐oidhribh, agus ’n‐a gcómhpháirtidhthibh san ngeallamhain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnadh seirbhíseach díom‐sa dhe,


Ní fhuil Gréagach ná Iúdach ann, ní fhuil timcheall‐ghearradh ná neamh‐thimcheall‐ghearradh, barbarach, Scitidheach, daor ná saor ann, acht is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Cómhartha ceart‐bhreitheamhnais Dé is eadh é; ionnas go measfaidhe gur fiú sibh ríoghacht Dé, go bhfuil sibh ag fulang ar a son:


Ar dhá mhíle déag de threibh Aséir: Ar dhá mhíle déag de threibh Neftalí: Ar dhá mhíle déag de threibh Mhanassé:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí