Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Mar is duine mé féin faoi cheannas lucht údaráis, a bhfuil saighdiúirí fúm; agus deirim le fear acu, ‘Imigh’, agus imíonn sé, agus le fear eile, ‘Tar’, agus tagann sé, agus deirim, ‘Déan sin’, le mo sheirbhíseach agus tá sé déanta aige.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Óir is dhuine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm: agus deirim leis an fhear seo: imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: déan seo, agus ghní sé é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir is fear mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Oír is duine misi féin atá fá chumhachdaibh, ága bhfuilid saighdíuirigh fúm: agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighidh sé; agus ris an bhfear oilesi, Tarr, agus thig sé; agus rém shearbhfhoghantaigh, Déuna so, agus do ní se é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:9
17 Tagairtí Cros  

Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán.


Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó?


Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.


Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é.


Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí