Matha 8:9 - An Bíobla Naofa 19819 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 Mar is duine mé féin faoi cheannas lucht údaráis, a bhfuil saighdiúirí fúm; agus deirim le fear acu, ‘Imigh’, agus imíonn sé, agus le fear eile, ‘Tar’, agus tagann sé, agus deirim, ‘Déan sin’, le mo sheirbhíseach agus tá sé déanta aige.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Óir is dhuine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm: agus deirim leis an fhear seo: imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: déan seo, agus ghní sé é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Óir is fear mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Oír is duine misi féin atá fá chumhachdaibh, ága bhfuilid saighdíuirigh fúm: agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighidh sé; agus ris an bhfear oilesi, Tarr, agus thig sé; agus rém shearbhfhoghantaigh, Déuna so, agus do ní se é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Féach an chaibidil |