Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Nuair a chuala Íosa an chaint sin uaidh, rinne sé iontas de, agus dúirt sé le lucht a leanúna, “Deirim libh i bhfírinne, ní bhfuair mé a leithéid de chreideamh in Iosrael féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ghá leanamhaint: Amén, adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreidheamh i n-Israél.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Achd ar na cluinsin só Díosa, do ghabh iongantas é, agus a dubhairt sé ris an mhuinntir do bhí na dhiáigh, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfúair mé a noireadsa do chreideamh, eadhon, a Níosráel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí dá leanúint: “Deirim libh go fírinneach, nach bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:10
9 Tagairtí Cros  

Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.


Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,


Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é.


Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.


Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit.


Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.


Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.


Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí