I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.
Lúcás 7:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh dʼéis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic eagla ortha uilig, agus thug siad glóir do Dhia, ag rádh: D’éirigh fáidh mór i n-ár measc, agus dhearc Dia ar a mhuinntir. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh eagla íad uile: agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Déirghe fáidh mór an ar measg; agus, Dféuch Día ar a phobal féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.” An Bíobla Naofa 1981 Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.” |
I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.
Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.
Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.
Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus do h-innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte Iúdaéa ar fad.
Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d’fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú;
Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat.
Agus d’fhill na h-aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó.
Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dcaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine,
Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán d’eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongantacha indiu.
Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.
Agus d’eirigh an duine marbh ’n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug sé d’á mháthair é.
Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.
Agus d’iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé an bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais.
Agus d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh.
Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tu an fáidh?
Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh?
Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan.
Agus dubhradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a dh’osgail do shúile? Dubhairt seisean: Fáidh iseadh é.
Nuair airigh Ananías na focail sin do thuit sé agus fuair sé bhás. Agus tháinig eagla mór ar a raibh ag éisteacht leis an nídh sin.
Isé an Mhaois sin adubhairt le clainn Israéil: Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin.