Lúcás 19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIX. Críost dá ghlacadh ag Sacaeus ’n-a thigh. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem. 1 Agus chuaidh sé isteach i n-Ierichó agus bí sé ag siubhal tríd an gcathair. 2 Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. 3 Agus bhí sé a d’iarraidh Íosa dh’fheisgint, eadhon, Cé’r bh’é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é. 4 Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin. 5 Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu. 6 Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach. 7 Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht. 8 Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair. 9 Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis. 10 Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine. 11 Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach. 12 Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais. 13 Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh ceannaidheachta go dtagad. 14 Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. 15 Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leir an gceannaidheacht. 16 Tháinig an chéad duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt deich bpúint. 17 Agus dubhairt sé leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh cómhacht agat ar deich mbailtibh. 18 Agus thainig an tarna duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint. 19 Agus dubhairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn chúig mbailte, 20 Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam. 21 Óir bhí eagal agam rómhat, mar is duine cruaidh thu. Tógann tú an rud nár chuiris síos, agus baineann tú an fóghmhar nár chuiris. 22 Águs dubhairt sé leis, Ar do bhéal féin a bheirim breith ort, a dhroch-sheirbhísigh. Bhí ’fhios agat gur duine cruaidh mé, go dtógaim an rud nár chuireas síos, agus go mbainim an fóghmhar nár chuireas; 23 Agus cad ’n-a thaobh nár chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thiocfainn go n-éileócainn é féin agus an t-úncamus? 24 Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh uaidh an púnt agus tugaidh é do’n fhear go bhfuil na deich bpúint aige. 25 Agus dubhradar, A rí, táid deich bpúint aige. 26 Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é na fuil aige, tógfar uaidh an rud atá aige. 27 Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad. 28 Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem. 29 Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil, 30 Agus go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham é. 31 Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 32 Agus d’imthigh na teachtairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach ’n-a sheasamh. 33 Agus nuair a bhíodar ’ghá sgaoileadh dubhairt an mhuintir n-ar leó é: Cad chuige dhaoibh bheith ag sgaoileadh an tsiorraigh? 34 Agus dubhradar-san: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 35 Agus thugadar agh triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin. 36 Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat amach ar an slígh. 37 Agus nuair a bhí sé agh teacht i ngar d’fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar. 38 Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais. 39 Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir smacht ar do dheisgiobuil. 40 Agus dubhairt sé leó: Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha amach. 41 Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: 42 Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh. 43 Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh. 44 Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat. 45 Agus chuaidh sé isteach sa teampul, agus chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do dhíbirt amach as. 46 ’Gha rádh leó: Tá sgríobhtha: Tigh cun úrnuighthe iseadh mo thigh-se: Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe. 47 Agus bhí sé ag teagasg; sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na h-uaisle a d’iarraidh é chur chun báis, 48 Agus níor bh’ féidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society