Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:37 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus nuair a bhí sé agh teacht i ngar d’fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus nuair a bhí sé cheana féin ag teacht i n-aice le fánaidh Shliabh na n-Ológ, thoisigh sluagh iomlán a dheisciobal a mholadh Dé go lúthgháireach de ghuth árd ar son na míorbhailte go léir a chonnaic siad,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán dʼáthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

37 Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:37
20 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul,


Agus bhí sé ’n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh:


Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go Cnoc na n-Ola-chrann.


Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.


Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam.


Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil,


Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat amach ar an slígh.


Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.


Agus uime sin do tháinig an tsluagh amach ’n-a choinnibh, mar d’airigheadar gur dhein sé an mhírbhúilt sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí