Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 19:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus nuair a bhí sé cheana féin ag teacht i n-aice le fánaidh Shliabh na n-Ológ, thoisigh sluagh iomlán a dheisciobal a mholadh Dé go lúthgháireach de ghuth árd ar son na míorbhailte go léir a chonnaic siad,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus nuair a bhí sé agh teacht i ngar d’fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán dʼáthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:37
20 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo,


Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann os cómhair an teampaill, d’fhiafruigh Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leithligh,


Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go cnoc na nOla‐chrann.


Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.


Agus tháinig an duine eile, agus adubhairt sé, A thighearna, féach, seo chugat do phúnt, do bhí fillte i naipcín agam:


Agus tharla, ag tarraing i ngar do Bhétfagé agus do Bhétánia dhó, láimh leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐chrann, gur chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh,


Agus ag gluaiseacht dó, do leathadar a mbrait ar an tslighe.


Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire.


Uime sin, fós, do chuaidh an sluagh ’n‐a airchis, óir do‐chualadar go ndearna sé an mhíorbhail sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí