Lúcás 19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do chuaidh sé isteach i nIerichó, agus do bhí sé ag dul tríd an gcathair. 2 Agus féach, do bhí fear ann darbh ainm Sacchéus; agus do bhí sé ’n‐a cheann‐phoibleacán, agus do bhí sé saidhbhir. 3 Agus do bhí fonn air a fheicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor fhéad sé mar gheall ar an sluagh, mar fear beag íseal do b’eadh é. 4 Agus do rith sé roimhe, agus do‐chuaidh sé suas i gcrann siceamóra chum go bhfeicfeadh sé é: óir do bhí sé chum an tslighe sin do ghabháil. 5 Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu. 6 Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach. 7 Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach. 8 Agus d’éirigh Sacchéus ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis an Tighearna, Féach, A Thighearna, do‐bheirim a leath dem’ mhaoin do na bochtaibh; agus má bhaineas éinnidh san éagcóir d’aon duine, do‐bheirim a cheithre oiread ar ais dó. 9 Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis. 10 Óir tháinig Mac an Duine chum a raibh caillte do chuardach agus do shlánú. 11 Le linn éisteacha dhóibh leis an mhéid sin, do lean sé air, agus do labhair sé samhlaoid, óir do bhí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do mheasadar‐san go raibh ríoghacht Dé le taidhbhsiú ar ball. 12 Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais. 13 Agus do ghlaodh sé chuige deichneabhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus adubhairt sé leo, Bidhidh ag déanamh ceannaidheachta nó go dtagad. 14 Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn. 15 Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta. 16 Agus tháinig an chéad duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt deich bpúint eile. 17 Agus adubhairt seisean leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith: ó do bhís dílis sa mbeagán, bíodh cumhacht agat ar dheich gcathrachaibh. 18 Agus tháinig an dara duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt cúig púint. 19 Agus adubhairt sé leisean, chómh maith, Agus tusa, bí‐se os cionn cúig gcathrach. 20 Agus tháinig an duine eile, agus adubhairt sé, A thighearna, féach, seo chugat do phúnt, do bhí fillte i naipcín agam: 21 óir do bhí eagla orm, mar is duine dúr thú: tógann tú an nidh nár chuiris síos, agus baineann tú an nídh nár chuiris. 22 Adubhairt sé leis, As do bhéal féin béarfad breith ort, a dhroch‐sheirbhísigh. Do bhí a fhios agat gur duine dúr mé, go dtógaim an nidh nár leigeas síos, agus go mbainim an nidh nár chuireas; 23 cad chuige, mar sin, nár chuiris mo chuid airgid sa mbannc, i dtreo, nuair thiocfainn, go bhfaighinn ar ais é agus brabach leis? 24 Agus adubhairt sé leo‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a láthair, Tógaidh uaidh an púnt, agus tabhraidh do’n té ag a bhfuil na deich bpúint. 25 Agus adubhradar‐san leis, A thighearna, atá deich bpúint aige. 26 Adeirim libh, go dtabharfar do’n té ag a bhfuil éinnidh; acht an té nach bhfuil éinnídh aige, bainfear de a bhfuil aige. 27 Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad. 28 Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem. 29 Agus tharla, ag tarraing i ngar do Bhétfagé agus do Bhétánia dhó, láimh leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐chrann, gur chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh, 30 g‐á rádh, Téighidh isteach sa mbaile beag atá os bhúr gcómhair; ag dul isteach daoibh ann do‐gheobhaidh sibh searrach ceangailte nar shuidh aon duine riamh fós air: scaoilidh é agus tabhraidh libh é. 31 Agus má fhiafruigheann aoinneach dhíbh, Cad chuige a bhfuil sibh g‐á scaoileadh? abraidh leis mar seo, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. 32 Agus d’imthigh siad‐san do cuireadh, agus fuaradas de réir mar dubhairt sé leo. 33 Agus nuair do bhíodar ag scaoileadh an tsearraigh, adubhairt na daoine gur leo é, Cad chuige dhaoibh bheith ag scaoileath an tsearraigh? 34 Agus adubhradar‐san, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. 35 Agus thugadar chum Íosa é: agus do chuireadar a mbrait ar an searrach, agus do chuireadar Íosa ar a mhuin. 36 Agus ag gluaiseacht dó, do leathadar a mbrait ar an tslighe. 37 Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar; 38 g‐á rádh, Is beannuighthe an Rí atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna: síothcháin ar neamh, agus glóir ins na flaitheasaibh is aoirde. 39 Agus do bhí roinnt de na Fairisíneachaibh adubhairt leis as lár an tsluaigh, A Mháighistir, bagair ar do dheisceablaibh. 40 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Adeirim libh, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaodhfaidh na clocha féin amach. 41 Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í, 42 g‐á rádh, Dá mbéadh a fhios agat san lá so atá ann, gach a mbaineann led’ shíothcháin! acht anois atáid ceilte ó do shúilibh ort. 43 Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh, 44 agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat. 45 Agus do chuaidh sé isteach sa teampall, agus do thosnuigh sé ar na daoinibh do bhí ag ceannaidheacht do chaitheamh amach, 46 g‐á rádh leo, Atá scríobhtha, Teach chum urnuighthe is eadh mo theach‐sa: acht atá pluais bitheamhnach déanta agaibh‐se dhe. 47 Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh: 48 agus do chinn ortha cuimhniú ar cad do‐ghéanaidís; óir do bhí na daoine go léir ag greamú dhó, ag éisteacht leis. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society