Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Nuair a dʼfhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus thárla, go dtáinic sé thar ais ar ghabháil a ríoghachta dó, agus d’órduigh sé na seirbhísigh, a dtug sé an t-airgead dóibh, a ghairm chuige, go mbéadh a fhios aige cá mhéad a ghnóthuigh gach aoinneach acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leir an gceannaidheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, dʼordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:15
9 Tagairtí Cros  

Agus tar éis tamaill fhada tháinig tighearna na searbhónta úd, agus do‐rinne sé cunntas leo.


acht an té úd nach raibh a fhios aige, agus do‐rinne neithe do thuill bualadh, geobhfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugadh mórán, éileochar mórán air: agus an té gur fágadh mórán ar a chúram aige, iarrfar breis air.


Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn.


Agus tháinig an chéad duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt deich bpúint eile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí