Lúcás 19:15 - An Bíobla Naofa 198115 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)15 Nuair a dʼfhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara15 Agus thárla, go dtáinic sé thar ais ar ghabháil a ríoghachta dó, agus d’órduigh sé na seirbhísigh, a dtug sé an t-airgead dóibh, a ghairm chuige, go mbéadh a fhios aige cá mhéad a ghnóthuigh gach aoinneach acu. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leir an gceannaidheacht. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201215 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, dʼordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. Féach an chaibidil |