Lúcás 19:14 - An Bíobla Naofa 198114 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)14 Ach bʼfhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara14 Acht bhí fuath ag a chuid daoine air, agus chuir siad teachtaireacht ina dhiaidh, ag rádh: Ní h-áil linn an fear seo a bheith ina rígh orainn. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)14 Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)14 Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201214 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní háil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.