Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Agus buailfidh siad cothrom leis an talamh thú féin, agus do chlann atá ionnat, agus ní fhágfaidh siad cloch ós cionn cloiche ionnat, de bhrigh nár aithin tú aimsir do fhiosruighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhágáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir dʼa fhiosraithe.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:44
19 Tagairtí Cros  

Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Nach bhfeiceann sibh na neithe seo go léir? go fírinneach adeirim libh, Ní fágfar cloch ar muin cloiche annso, nach leagfar.


Agus adubhairt Íosa leis, An bhfeiceann tú na foirgnighthe móra so? ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh annso nach leagfar.


Go moltar an Tighearna, Dia Israel; Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh,


Tré mhór‐thrócaire ár nDé, Tré n‐a dtiocfaidh gealadh gréine anuas orainn,


g‐á rádh, Dá mbéadh a fhios agat san lá so atá ann, gach a mbaineann led’ shíothcháin! acht anois atáid ceilte ó do shúilibh ort.


adubhairt sé, Iad so do‐chí sibh, féach, atá an t‐am ag teacht, agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh nach leagfar.


Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí