Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac dʼAbracham é seo chomh maith le duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Dubhairt Íosa leis: Thárla slánughadh do’n tigh seo indiu, de brígh go bhfuil seisean fosta ina mhac ag Abraham.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac dʼAbrahám an duine seo freisin:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d'Abrahám an duine seo freisin:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:9
15 Tagairtí Cros  

Agus an bhean so, inghean Abrachaim, do bhí fá cheangal ag Sátan le h‐ocht mbliadhna déag anuas, nár cheart í do scaoileadh ó’n gceangal sin, lá na sabóide?


Agus féach, atá daoine ar deireadh bhéas ar tosach, agus atá daoine ar tosach bhéas ar deireadh.


Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo.


Agus adubhairt seisean, Ní dhéanfaid, a athair Abracham: acht má théidheann duine ó na marbhaibh chuca, do‐ghéanaidh siad aithrighe.


De bhrigh go bhfaca mo shúile do shlánú,


Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.


D’á bhrigh sin is ó chreideamh atá an oidhreacht, chum go mbéadh sí do réir grása: chum go mbéadh an geallamhain diongbhálta do’n tsliocht uile: ní h‐é amháin do na daoinibh atá fá’n dlighe, acht do’n dream sin, leis, go bhfuil an creideamh céadna aca agus bhí ag Abracham, atá ’n‐a athair againn go léir,


chum go dtiocfadh beannú Abrachaim i nÍosa Críost ar na Cineadhachaibh; chum go bhfaighmís tré chreideamh an Spiorad do bhí geallta.


Agus má’s le Críost sibh, is sliocht Abrachaim sibh, leis, oidhrí de réir na geallamhna.


Bíodh a fhios agaibh d’á bhrigh sin, na daoine atá i muinighin an chreidimh, gur ab iad clann Abrachaim iad.


sibh‐se nách raibh ’n‐bhur bpobal roimhe sin, acht atá ’n‐bhur bpobal Dé anois: sibh‐se nach bhfuair trócaire, acht go bhfuil trócaire fághalta agaibh anois.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí