Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Ar an adhbhar sin, dubhairt sé: D’imthigh duine uasal áirithe go tír i bhfad ó bhaile chun ríoghacht a ghabháil dó féin agus a theacht thar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:12
18 Tagairtí Cros  

Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht.


Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.


Agus do thosnuigh sé ar labhairt leo i samhlaoidibh. Do chuir duine áirithe fíon‐ghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do rinne sé clais ann le h‐aghaidh daibhche an fhíona, agus do thóg se túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile.


Agus, tar a éis do’n Tighearna Íosa labhairt leo, do gabhadh suas ar neamh é, agus do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé.


Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.


Agus tharla, nuair do bhí sé g‐á mbeannachadh, gur scar sé leo, agus gur tógadh suas é ins na flaitheasaibh.


Annsin adubhairt Píoláid leis, An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Chuige sin rugadh mé, agus chuige sin thánag ar an saoghal, chum go dtiubhrainn fiadhnaise do’n fhírinne. Gach duine atá ar thaobh na fírinne, éisteann sé lem ghlór.


de bhrigh go bhfuil lá ceaptha aige ’n‐a dtiubhraidh sé breitheamhnas de réir cirt ar an saoghal tríd an bhfear atá réamh‐órduighthe aige; agus do dhearbhuigh sé é do gach uile dhuine, g‐á thógáil ó na marbhaibh.


Óir caithfidh sé bheith ’n‐a righ nó go gcuiridh sé a náimhde uile fá n‐a chosaibh.


ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar.


atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas.


Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí