Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Ach na naimhde úd agam, nár mhian leo mé i mo rí os a gcionn, tugaigí i láthair anseo iad agus cuirigí chun báis iad os mo chomhairse.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Acht tabhairigidh annseo na náimhde úd liom, nárbh áil leo mé a bheith i mo rígh ortha, agus cuirigidh chun báis ós mo chómhair iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé a bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:27
23 Tagairtí Cros  

Acht tháinig fearg mhór ar an righ; agus do chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus do scrios sé na dúnmharbhthóirí sin, agus do loisc sé a gcathair.


Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn.


Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa sin, agus do‐bhéarfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair do chualadar‐san é, adubhradar, Nár leigidh Dia sin.


Óir is laetheanta díoghaltais na laetheanta sin, chum go gcóimhlíonfar gach a bhfuil scríobhtha.


Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach.


ag feitheamh nó go ndéantar stól d’á náimhdibh fá n‐a chosaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí