Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 g‐á rádh, Dá mbéadh a fhios agat san lá so atá ann, gach a mbaineann led’ shíothcháin! acht anois atáid ceilte ó do shúilibh ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 go ndúirt, “Nach é an trua é nach feasach duit inniu féin na nithe a chothaíos an tsíocháin! Ach tá siad ceilte ort anois.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Dá mbéadh a fhios agat, agus sin ins na laethe seo féin atá agat, na neithe atá chun síothchána duit, acht tá siad foluighthe ó do shúla anois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Ag rádh, O dá naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 ag rá: “Dá mbeadh a fhios agat-sa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:42
35 Tagairtí Cros  

Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í,


Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh,


agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat.


An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) —


Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte.


acht bidhidh ag brostú a chéile lá i ndiaidh lae, a fhaid agus glaodhtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruadhóchaidhe aon duine


a fhaid agus deirtear, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná chruadhuighidh bhur gcroidheacha, amhail le linn na ceannairce.


Uime sin, mar deir an Spiorad Naomh, Indiu, má chluineann sibh a ghuth,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí