Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, dʼfhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ag amharc suas do Íosa, ag teacht chun na h-áite dó, chonnaic sé é, agus dubhairt leis: A Shacheuis, tar anuas go tapaidh, óir is éigean damh cómhnaidhe a dhéanamh i do thigh-se indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:5
17 Tagairtí Cros  

Óir tháinig Mac an Duine chum a raibh caillte do chuardach agus do shlánú.


Agus féach, do bhí fear ann darbh ainm Sacchéus; agus do bhí sé ’n‐a cheann‐phoibleacán, agus do bhí sé saidhbhir.


Agus do rith sé roimhe, agus do‐chuaidh sé suas i gcrann siceamóra chum go bhfeicfeadh sé é: óir do bhí sé chum an tslighe sin do ghabháil.


Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach.


Adubhairt Natanaél leis, Cionnas aithnigheas tú mé? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Sarar ghlaodh Pilib ort, an tráth ’n‐a raibh tú fá’n gcrann fige, do chonnacas thú.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Má tá grádh ag duine dhom, choimhéadfaidh sé mo bhriathar: agus béidh grádh ag an Athair dhó, agus tiocfaimíd chuige, agus déanfaimíd cómhnaidhe ’n‐a fhochair.


Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin.


chum go ndéanaidh Críost cómhnaidhe ’n‐bhur gcroidheachaibh tré chreideamh: ar mhodh, ar mbeith dhaoibh fréamhuighthe agus bunuighthe i ngrádh,


Ná déanaidh dearmad ar fháilte d’fhearadh roimh choimhthightheachaibh: óir g‐á dhéanamh sin, thug daoine


Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí