Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus tháinic sé anuas go tapaidh, agus ghabh sé chuige é fá lúthgháir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:6
11 Tagairtí Cros  

Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu.


Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht.


Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar.


Agus do dhein Lebhí féasta mór dó ’n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí ’n-a suidhe chun bídh ’n-a bhfochair.


Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí níd: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuilimse dílis do’n Tighearna tagaidh isteach am thigh agus fanaid ann. Agus chuir sí fhiachaibh orainn dul.


agus thug sé isteach ’n-a thigh féin iad agus chuir sé na suidhe chun búird iad, agus bhí gáirdeachas air féin agus an a theaghlach agus a gcreideamh i nDia.


Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí