Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus nuair a chonaic siad é bhí siad uile ag clamhsán agus á rá, “Tá sé i ndiaidh glacadh le cuireadh ó fhear atá ina pheacach.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus nuair a chonnaic na daoine uilig sin, rinne siad monabhar, ag rádh go ndeacaidh sé ar aoidheacht chuig duine peacthach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe peacthaich.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar dá rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:7
11 Tagairtí Cros  

Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-aghaidh an fhir thighe,


Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart.


Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.


Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach.


Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach?


Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach.


Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí