Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus dʼéirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní dʼaon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus sheasuigh Sacheus agus dubhairt leis an Tighearna: Féach, a Thighearna, bheirim leath mo choda do na bochta, agus má rinne mé éagcóir ar aoinneach i n-aon nídh, bheirim a cheithre oiread dó thar ais.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’éirigh Sacchéus ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis an Tighearna, Féach, A Thighearna, do‐bheirim a leath dem’ mhaoin do na bochtaibh; agus má bhaineas éinnidh san éagcóir d’aon duine, do‐bheirim a cheithre oiread ar ais dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach dʼaon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:8
22 Tagairtí Cros  

Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.


Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí