Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus nuair a chonnaic Síomon Peadar seo, thuit sé síos ag glúna Íosa, ag rádh: Imthigh uaim, óir is duine peacthach mé, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus an tan do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:8
19 Tagairtí Cros  

Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha.


Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.


Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán.


Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge.


Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu;


Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí