Lúcás 5 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil V Tógáil mhíorbhailteach éisc. Leigheas lobhair agus leigheas duine a raibh galar creathach air. Gairm Mhaitiú. 1 Agus thárla, nuair a bhí na sluaighte ag brúghadh isteach air chun briathar Dé a chluinstin, gur sheasuigh sé cois loch Ghenesaret, 2 Agus chonnaic sé dhá luing ina seasamh le taoibh an locha: acht bhí na h-iascairí imthighthe astú, agus bhí siad ag nighe a gcuid eangach. 3 Agus ag dul isteach dó i gcionn de na longa, arbh le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amach giota ó’n talamh. Agus ag suidhe síos dó theagasc sé an sluagh as an luing. 4 Acht nuair a stad sé de chainnt, dubhairt sé le Síomon: Cuir amach ar an doimhneacht, agus leigigidh síos bhur n-eangacha chun gabhála. 5 Agus d’fhreagair Síomon, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, shaothruigheamar ar feadh na h-oidhche uilig, agus níor ghabhamar dadamh; acht ar d’fhocal-sa leigfidh mé síos an eangach. 6 Agus nuair a bhí seo déanta acu, ghabh siad án iomad iasc, agus bhris a n-eangach. 7 Agus thug siad cómhartha dá gcomrádaidhthe a bhí san luing eile teacht agus cuidiughadh leo. Agus tháinic siad, agus líon siad an dá luing, ionnas go raibh siad chómhair a bheith ag dul faoi uisce. 8 Agus nuair a chonnaic Síomon Peadar seo, thuit sé síos ag glúna Íosa, ag rádh: Imthigh uaim, óir is duine peacthach mé, a Thighearna. 9 Óir bhí an t-uathbhás ar fad air, agus ar a raibh leis, fá’n lucht éisc a ghabh siad: 10 Agus bhí mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eoin, mic Shebede, a bhí i gcómhar le Síomon. Agus deir Íosa le Síomon: Ná bíodh eagla ort: gabhfaidh tú daoine feasta. 11 Agus nuair a thug siad a longa chun tíre, d’fhág siad gach nidh, agus lean siad é. 12 Agus thárla, nuair a bhí sé i gcionn de na cathracha, féach, fear lán de lobhra, ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin síos ar a aghaidh agus ghuidh sé é, ag rádh: A Thighearna, má’s toil leat, tig leat mé a dhéanamh glan. 13 Agus ag síneadh amach a láimhe dó, leig sé air í, ag rádh: Is toil; déantar glan thú. Agus d’imthigh an lobhra de ar an bhomaite. 14 Agus d’órduigh sé dó gan innse d’aoinneach, acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan ofráil ar son do ghlanta mar d’órduigh Maoise, mar fhiadhnaise dóibh. 15 Acht is amhlaidh is mó a leathnuigh iomrádh air, agus chruinnigh sluaighte móra le h-éisteacht leis agus le leigheas d’fhagháil ó n-a gcuid galar. 16 Acht d’imthigh seisean isteach san uaigneas agus rinne sé urnaighe. 17 Agus thárla lá amháin go raibh sé ina shuidhe ag teagasc. Agus bhí ina suidhe ann Fairisínigh agus doctúirí dlighe a tháinic as gach baile de’n Ghailile agus de Iudaia agus as Ierusalem, agus bhí cumhacht an Tighearna chun a slánuighthe. 18 Agus féach, bhí fir ag iomchar ar leabaidh duine a raibh galar creathach air, agus bhí siad ag iarraidh é thabhairt isteach agus é leagan ós a chómhair, 19 Agus mar nach bhfuair siad aon chaoi le n-a thabhairt isteach mar gheall ar an tsluagh, chuaidh siad suas ar mhullach an tighe, agus leig siad síos fríd na licíní mar aon leis an leabaidh é i lár báire ós cómhair Íosa. 20 Agus nuair a chonnaic seisean a gcreideamh, dubhairt sé: A dhuine, tá do pheacaidhe maithte duit. 21 Agus thoisigh na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh a smaoineadh, agus a rádh: Cé h-é seo a labhras diamhaslacha? Cé acht Dia amháin a dtig leis peacaidhe a mhaitheamh? 22 Acht ó bhí fios a smaointe ag Íosa, dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Cad é sin ar a bhfuil sibh ag smaoineadh i bhur gcroidhthe? 23 Cé acu is fusa a rádh: Tá do pheacaidhe maithte duit, nó a rádh: Éirigh agus siubhal? 24 Acht chun go raibh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ag Mac an Duine ar talamh peacaidhe a mhaitheamh (deir sé leis an té a raibh an galar creathach air): Deirim leat, éirigh, tóg do leabaidh, agus gabh isteach i do thigh. 25 Agus d’éirigh sé láithreach ós a gcómhair, thóg an leabaidh ina raibh sé ina luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe ag tabhairt ghlóire do Dhia. 26 Agus ghabh uathbhás iad uilig, agus thúg siad glóir do Dhia. Agus líonadh le h-eagla iad uilig, agus dubhairt siad: Chonnacamar iongantaisí indiu. 27 Agus chuaidh sé amach ina dhiaidh sin, agus chonnaic sé puibliocánach darbh ainm Leibhí, ina shuidhe ag oific na cánach, agus dubhairt sé leis: Lean mise. 28 Agus ar fhágáil gach nídh dó-san, d’éirigh sé agus lean sé é. 29 Agus rinne Leibhí féasta mór dó ina thigh féin, agus bhí sluagh mór puibliocánach agus daoine eile ann, a bhí ina suidhe chun bídh i n-aoinfheacht leo. 30 Agus bhí a bhFairisínigh agus a Scríobhaidhthe ag mannrán, agus ag rádh le n-a dheisciobail: Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól i gcuideachtag na bpuibliocánach agus na bpeacach? 31 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Ní ar na daoine slána a bhíos liaigh do dhíth, acht ar na daoine breoidhte. 32 Ní tháinic mise le glaodhach ar fhíréin acht ar pheacaigh chun aithrighe. 33 Agus dubhairt siad leis: Cad chuige a ndéan deisciobail Eoin troscadh agus urnaighthe go minic, agus cuid na bhFairisíneach mar an gcéadhna, acht go mbíonn do chuid-se ag ithe agus ag ól? 34 Agus dubhairt seisean leo: An dtig libh tabhairt ar chloinn an fhir nuaphósta troscadh a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta? 35 Acht tiocfaidh na laethe nuair a thógfar an fear nuaphósta ar shiubhal uatha, annsin dhéanfaidh siad troscadh ins na laethe sin. 36 Agus labhair sé samhlaoid leo fosta: Ní chuireann aoinneach paiste as ball nua éadaigh ar shean-bhall éadaigh, nó strócann sé an rud nua, agus ní fhóireann an ball nua do’n tsean-bhall. 37 Agus ní chuireann aoinneach fíon úr i sean-bhuidéil, nó brisfidh an fíon úr na buidéil, agus doirtfear é féin, agus rachaidh na buidéil amugha; 38 Acht is cóir fíon úr a chur i mbuidéil úra, agus sábháiltear iad araon. 39 Agus ní fhuil aoinneach a ólas sean-fhíon, a mbíonn toil aige láithreach do fhíon úr, óir deir sé: Is é an sean-fhíon is feárr. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland