Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus nuair a chonnaic Síomon Peadar seo, thuit sé síos ag glúna Íosa, ag rádh: Imthigh uaim, óir is duine peacthach mé, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus an tan do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:8
19 Tagairtí Cros  

Agus nuair do‐chuala na deisceabail é, do thuiteadar ar a n‐aghaidh, agus do bhí eagla mhór ortha.


Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


Agus d’fhreagair an ceanntúir, agus adubhairt, A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ dhíon: acht abair an focal amháin, agus béidh mo ghiolla slán.


agus do bhagradar ar a bpáirtidhthibh sa mbád eile teacht le congnamh thabhairt dóibh. Agus thángadar‐san, agus do líonadar an dá bhád, i dtreo go rabhadar i riochtaibh dul fá uisce.


Óir do bhí uathbhás air féin, agus ortha‐san uile do bhí ’n‐a chuideachtain mas gheall ar an ngabháil éisc do bhí tógtha aca;


Agus nuair tháinig Máire go dtí an áit ’n‐a raibh Íosa, do chaith sí í féin ag a chosaibh, g‐á rádh leis, A Thighearna, dá mbéitheá annso, ní bhfaigheadh mo dhearbhráthair bás.


Óir chímíd anois mar bhéadh go doiléir i scathán; acht chífimíd éadan a chéile an t‐am sin: anois atá aithne neamh‐chruinn againn, acht aithneochad an t‐am sin fá mar aithnightear mé féin.


Agus nuair do chonnacas é, do thuiteas ag a chosaibh mar bhéinn marbh. Agus do leag seisean a lámh dheas orm, g‐á rádh, Ná bíodh aon eagla ort;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí