Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir do bhí uathbhás air féin, agus ortha‐san uile do bhí ’n‐a chuideachtain mas gheall ar an ngabháil éisc do bhí tógtha aca;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Mar bhí iontas agus uafás air, agus ar a raibh leis, faoin ngabháil éisc a bhí glactha acu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Óir bhí an t-uathbhás ar fad air, agus ar a raibh leis, fá’n lucht éisc a ghabh siad:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg said

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:9
8 Tagairtí Cros  

Óir ní raibh a fhios aige créad adéarfadh sé: mar do bhí crith‐eagla mhór ortha.


Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh.


agus do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc, de bhrigh gur labhair sé as cainnt ughdarásaigh.


Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach.


agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh.


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí