Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh dʼéis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus tháinic eagla ortha uilig, agus thug siad glóir do Dhia, ag rádh: D’éirigh fáidh mór i n-ár measc, agus dhearc Dia ar a mhuinntir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do ghabh eagla íad uile: agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Déirghe fáidh mór an ar measg; agus, Dféuch Día ar a phobal féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:16
31 Tagairtí Cros  

agus do leigheas sé iad: i dtreo go raibh iongnadh ar an sluagh, nuair do chonnacadar na balbháin ag labhairt, agus na mairtínigh slán, agus na daoine bacacha ag siubhal, agus radharc ag na dallaibh: agus thugadar moladh do Dhia Israeil.


Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.


Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus do ghabh eagla iad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe ’n‐a dtimcheall: agus do leath tuairisc na neithe sin go léir ar fud na sléibhte i nIúdaea ar fad.


Go moltar an Tighearna, Dia Israel; Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh,


agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat.


Agus d’fhill na h‐aodhairí, agus iad ag glóiriú agus ag moladh Dé mar gheall ar a gcualadar agus a bhfacadar, de réir inar adubhradh leo.


Agus adubhairt seisean leo, Créad iad na neithe? Agus adubhradar‐san leis, Na neithe i dtaobh Íosa Nasardha do bhí ’n‐a fháidh cumhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine:


Agus tháinig uathbhás ar chách, agus do bhíodar ag moladh Dé; agus do bhíodar lán d’eagla, g‐á rádh, Do chonnacamar neithe iongantacha indiu.


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Agus d’éirigh an duine marbh ’n‐a shuidhe, agus do thosnuigh sé ar labhairt.


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.


Agus d’fhreagradar‐san, g‐á rádh, Eoin Baiste; acht adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐fháidhibh d’éirigh.


Agus d’fhiafruigheadar de, Cia h‐é thusa, má’s eadh? An tú Élias? Adubhairt seisean, Ní mé. An tusa an fáidh? Agus d’fhreagair seisean, Ní mé.


Agus do cheistigheadar é, agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann tú baisteadh, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáidh?


Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, do‐chím gur fáidh thú.


Agus nuair do chonnaic na daoine an mhíorbhail do‐rinne sé, adubhradar, Go fírinneach is é seo an fáidh atá le teacht ar an saoghál.


Agus adubhairt siad arís leis an dall, Créad é do bharamhail de’n té úd, ó d’fhoscail sé do shúile? Adubhairt seisean, Fáidh is eadh é.


Agus nuair do‐chuala Ananias na focail sin, do thuit sé ar lár agus d’éag sé.


Is é an Maois sin adubhairt le clainn Israel, Tógfaidh Dia suas fáidh mar mise dhaoibh as lár bhúr mbráithreach.


agus thugadar glóir do Dhia im’ thaobh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí