Gníomhartha 5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL V. Breith Dé ar Ananías agus ar Shaphíra. Na h-Aspoil dá gcur i bpríosún. 1 Ach do dhíol fear dár bh’ainim Ananías agus a bhean, Saphíra, feirm thailimh, 2 Agus, go fiosach d’á mhnaoí, do cheil sé cuid d’fhiachaibh an tailimh agus chuir sé cuid de’n airgead ag cosaibh na n-Aspol. 3 Dubhairt Peadar, ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do chroidhe chun bréige a dh’innsint do’n Spioraid Naomh agus cuid d’fiachaibh an tailimh a cheilt? 4 Nár leat féin é an fhaid a bhí sé agat? agus nuair a dhíolais é ná raibh sé ar do chumas féin? Cad chuige dhuit an nídh seo do cheapadh ad chroidhe? Ní do dhaoinibh atá bréag innste agat ach do Dhia. 5 Nuair airigh Ananías na focail sin do thuit sé agus fuair sé bhás. Agus tháinig eagla mór ar a raibh ag éisteacht leis an nídh sin. 6 Agus dh’eírigh na fir óga agus thógadar é agus do rugadar amach é agus do chuireadar é. 7 Agus do thárla, i gceann tímpall trí h-uaire ’chloig, go dtáinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tuitithe amach. 8 Agus dubhairt Peadar léi: Innis dom, a bhean, an ar a leithéid seo dh’fhiacha do dhíolabhair an fheirm? Agus dubhairt sisi: Is air. 9 Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dheineabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach. 10 Agus do thuit sí láithreach agá chosaibh agus fuair sí bhás. Agus tháinig na fir óga isteach agus fuaradar go raibh sí marbh agus do rugadar amach í agus do chuireadar í, i n-aice a fir. 11 Agus tháinig eagla mór ar an eaglais go léir agus an gach aoinne a dh’airigh na neithe sin. 12 Agus bhí mírbhúiltí agus iongnaí móra d’á ndéanamh ameasg na ndaoine tré lámhaibh na n-Aspol. Agus bhídís go léir, do thoil a chéile, i bpóirse Shalomóin. 13 agus níor leómhaidh aoinne de’n chuid eile dul i bpáirt leó, ach do thug an pobhul onóir dóibh. 14 Agus bhí na daoine a chreid sa Tighearna, fir agus mná, ag dul i n-iomadamhlacht go mór, 15 I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thochtaibh agus as shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bhead Peadar ag teacht, dá mba ná déanfad ach a sgáil tuitim an dhuine acu go léighisfí ó n-a mbreóiteacht iad. 16 Agus bhiodh slóighte ag teacht go Ierúsalem as na cathrachaibh sa chómharsanácht agus daoine breóite acu ’á thabhairt leó, agus daoine a bhíodh dá gcrádh ag deamhnaibh, agus do leighistí iad go léir. 17 Ansan, d’eirigh an t-árdshagart agus gach a raibh i n’fhochair (bh’iad san aicme na Sadducíneach), agus iad lán de thnúth, 18 Agus chuireadar a lámha ar na h-Aspoil agus chuireadar sa phríosún puibilídhe iad. 19 Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé: 20 Imthighidh, agus seasaighidh, agus labhraidh sa teampul, leis na daoine, bréithre uile na beatha so. 21 Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg. Agus ansan tháinig an t-árdshagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinníghdar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuireadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad. 22 Agus tháinig na teachtairí agus d’osgladar an charcair agus ní bhfuaradar ann iad, agus thánadar thar n-ais agus d’innseadar san, Agus dubhradar: 23 Fuaramair an charcair dúnta go cruinn agus an lucht coimeádta ’n-a seasamh ag na dóirsibh, ach nuair a d’osgalamair an charcair ní bhfuaramair aoinne istigh. 24 Nuair airigh oificeach an theampuil agus uachtaráin na sagart an chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na priosúnaigh. 25 Le n-a linn sin tháinig duine agus dubhairt sé leó: Féach, na fir úd a chuireabhair sa charcair táid siad n-a seasamh sa teampul ag teagasg na ndaoine. 26 Ansan d’imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan éigean, óir bhí eagla na ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta. 27 Agus nuair na thugadar leó iad chuireadar ’n-a seasamh i láthair na cómhairle iad agus do cheistigh uachtarán na sagart iad, Agus dubhairt sé: 28 D’órduighmair daoibh le h-órdú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n-ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne. 29 Agus d’fhreagair Peadar agus na h-Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a dhéanamh ar Dhia ’ná an dhaoinibh. 30 Do thógh Dia ár sinnsear ós na mairbh Íosa, an t-é a chuireabhairse chun báis, ghá chrochadh ar an gcrann. 31 Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél. 32 Agus is fínnithe sinne ar na focalaibh sin, agus an Spioraid Naomh, a thug Dia do sna daoine atá úmhal dó. 33 Nuair airighdar san an chainnt sin bhíodar sgólta, agus mheasadar iad a chur chun báis. 34 Ach d’eirigh, sa chómhairle, duine de sna Fairisínigh dár bh’ainim Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamhnach ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduigh sé na fir do chur amach thar dorus an fead tamail bhig, 35 agus dubhairt sé leó-san: A fheara Israéil, tugaidh aire dhaoibh féin i dtaobh na ndaoine sin agus cad a dhéanfaidh sibh leó. 36 D’eirigh, sa n-aimsir a chuaidh thorainn, Teodas, agus dubhairt sé gur dhuine mór é féin, agus d’aontuigh tímpal cúig chéad duine leis. Ach do marbhuigheadh é, agus an mhuinntir a chreid ann do sgaipeadh iad agus chuadar an neamhnídh. 37 I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir. 38 Deirim libh anois, d’á bhrígh sin, éirighidh de sna daoine seo agus sgaoilidh leó, óir, má’s ó dhaoine an íntinn seo agus an gnó so, raghaidh sé ar neamhníd, 39 Ach má’s ó Dia é ní féidir daoibh é chur ar neamhnídh, agus ba bhaoghal go mbeadh sibh ag iomaidh le Dia féin. Dheineadar rud air. 40 Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad. 41 Ach d’imthighdar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa. 42 Agus níor stadadar i gcaitheamh an lae go léir ach teagasg na ndaoine agus ag craobhsgáoile Íosa Críost, sa teampul agus ó thigh go tigh. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society