Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus ba é a dúirt na sluaite, “Is é seo an fáidh Íosa ó Nasair na Galailí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus dubhairt na daoine: Is é seo Íosa, an fáidh as Nasair na Gailile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus a dubhairt an coímhthionól, A sé so Iósa an fáidh ó Násarét na Galilé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:11
20 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.


Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h-é seo?


Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu.


Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.


Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh.


Ach cheana, ní foláir dom bheith ag siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní dual fáidh d’fhághail bháis lasmuigh d’Ierúsalem.


Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dcaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine,


Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.


Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.


Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tu an fáidh?


Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh?


Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu.


Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan.


Dubhairt daoine de’n tsluagh, ámh, nuair a dh’airigheadar an chaint sin uaidh: Isé seo an Fáidh gan amhras.


Agus dubhradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a dh’osgail do shúile? Dubhairt seisean: Fáidh iseadh é.


Isé an Mhaois sin adubhairt le clainn Israéil: Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí