Matha 21 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012An Imrim Chaithréimeach 1 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar dʼIarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt deisceabal uaidh 2 ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois; 3 scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’” 4 Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh: 5 “Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.” 6 Dʼimigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh: 7 thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu. 8 Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint chraobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar; 9 agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí dá leanúint, bhí na gártha acu dá gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.” 10 Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí. 11 Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.” Íosa sa Teampall 12 Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. 13 Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibh-se ag déanamh uaimh robálaithe de.” 14 Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad. 15 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall. 16 Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá dá rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?” 17 Dʼéalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann. An Crann Figí gan Toradh 18 Ag filleadh ar an gcathair a bhí sé go moch ar maidin agus bhí ocras air, 19 agus nuair a chonaic sé crann figí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ort-sa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann figí ar an mball. 20 Chonaic na deisceabail é agus rinne siad ionadh de: “Cén chaoi,” ar siad, “ar shearg an crann figí láithreach?” 21 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan a bheith in amhras faoi, ní hé beart seo an chrainn figí amháin a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh sa bhfarraige’, déanfar sin. 22 Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.” Ceist faoi Údarás Chríost 23 Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé a thug an t-údarás sin duit?” 24 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. 25 Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’ 26 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.” 27 Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibh-se ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” Parabal an Dá Mhac 28 “Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. Dʼagaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téigh-se inniu ag obair sa bhfíonghort.’ 29 Dʼfhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh. 30 Dʼagaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus ba é a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh. 31 Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i Ríocht Dé. 32 Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibh-se é sin, níor bhuail an t-aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.” Máistir an Fhíonghoirt agus na Curadóirí Mallaithe 33 “Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíon-ghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch. 34 Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil. 35 Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile. 36 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin. 37 Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ 38 Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’ 39 agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíon-ghort é agus mharaigh é. 40 Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?” 41 Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé droch-íde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíon-ghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.” 42 Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’? 43 “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear Ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. 44 Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” 45 Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé, 46 agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.