Eoin 4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL IV. Críost ag labhairt leis an mnaoí Shamaritánaigh. Mac an riaghaltóra á leigheas aige. 1 Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin 2 (bíodh nár bh’ é Íosa a bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil), 3 D’fhág sé Iúdaéa agus d’imthigh sé airís go Gaililí. 4 Agus niór bhfoláir dó gabháil tré Shamaria. 5 Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh’ ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann a thug Iácób d’á mhac Ióseph. 6 Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí Íosa tuirseach ó’n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é. 7 Agus tháinig bean ó Shamaria a d’iarraidh uisge. 8 Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag ceannach bídh. 9 Agus dubhairt an bhean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a d’iarraidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht eatartha féin. 10 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó. 11 Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní’l nídh agat chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat? 12 An amhlaidh is mó thu ’ná ár n-athair Iácób a thug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann, agus a áirnéis? 13 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: An t-é a d’ólfaidh an t-uisge seo beidh tart airís air; ach an t-é a d’ólfaidh an t-uisge a thabharfad-sa dhó, ní bheidh tart go deó airís air; 14 Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe. 15 Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d’iarraidh uisge. 16 Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t’fhear, agus fill anso. 17 D’fhreagair an bhean agus dubhairt sí: Ní’l aon fhear agam. Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní’l aon fhear agam; 18 Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’fhear-sa é. D’innsis an fhírinne sa méid sin. 19 Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu. 20 Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne Dia d’adhradh, agus dar libh-se is i n-Ierúsalem atá an áit ’n-ar ceart Dia d’adhradh. 21 Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an t-Athair a dh’adhradh. 22 Adhrann sibh-se an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú. 23 Ach tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-adhar-thóirí fírinneacha an t-Athair a dh’adhradh i spioraid agus i bhfírinne. 24 Spioraid iseadh Dia, agus an mhuintir a dh’adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne is ceart dóibh é dh’adhradh. 25 Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn. 26 Dubhairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat. 27 Agus le n-a linn sin tháinig a dheisgiobuil agus bhí iongna ortha é bheith agh caint leis an mnaoi. Ní dubhairt aoinne, ámhthach, Cad tá uait? ná, Cad ’n-a thaobh duit bheith ag caint léi? 28 Agus d’fhág an bhean an t-árthach ’n-a diaidh, agus d’imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt si leis na daoine: 29 Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é? 30 Agus do ghluaiseadar amach as an gcathair agus thánadar ag triall air. 31 Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Máighistir, ith rud. 32 Agus dubhairt sé leó: Tá agam-sa le n-ithe bia nách eól daoíbh-se. 33 Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige? 34 Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn. 35 Ná fuil, dar libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach mé ’ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar ná críochaibh, conus mar atáid siad geal cheana féin chun an fhóghmhair. 36 Agus an t-é a bhaineann an fóghmhar gheibheann sé a thuarasdal, agus cruinnigheann sé toradh, chun na beatha síoruidhe; ionus go bhfaghadh idir churadóir agus buanaidhe áthas i n-aonfheacht. 37 Óir is fíor sa nídh seo an radh, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fóghmhar. 38 Chuireas-sa sibh-se uaim ag baint an fhóghmhair nár dheineabhair a shaothrú; daoine eile a dhein an saothrú, agus chuadh-abhair-se isteach ’n-a saothar. 39 Agus do chreid mórán de Shamaritánaigh na catharach san ann, mar gheall an chaint na mná ag tabhairt na fiadhnaise: D’innis sé dhom gach nídh d’ár dheineas. 40 Agus tháinig na Samaritánaigh ag triall air, agus d’iarradar air fanmhaint sa n-áit. Agus d’fhan sé ann dhá lá. 41 Agus do chreid mórán níba mhó dhíobh ann mar gheall an a chaint féin. 42 Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall an do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain. 43 Ach tar é s dá lá d’fhág sé an áit agus d’imthigh sé go Gaililí. 44 Óir do thug Íosa féin fiadhnaise ná faghann fáidh onóir ’n-a dhúthaigh féin. 45 Agus nuair a tháinig sé go Gaililí do ghlac muintir na Gaililí é, mar bhíodar tar éis gach nídh a d’fheisgint d’ár dhein Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir bhíodar tar éis teacht chun na féile. 46 Tháinig sé, d’á bhrígh sin, go Cána na Gaililí mar ar dhein sé fíon de’n uisge. Agus bhí taoiseach áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum. 47 Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bhais. 48 Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a d’fheisgint ní chreideann sibh. 49 Ach dubhairt an taoiseach leis: A Thighearna, tar anuas san a bhfaghaidh mo mhac bás. 50 Dubhairt Íosa leis: Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an focal adubhairt Íosa leis agus d’imthigh sé. 51 Agus nuair a bhí sé ar an slígh ag gabhail síos do bhuail a sheirbhísigh uime agus d’innseadar dó go raibh a mhac beó. 52 Agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a tháinig feabhas air. Agus dubhradar leis: Indé, ar an seachtmhadh h-uair iseadh dh’imthigh an t-éagcruas de. 53 Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid sé féinagus a theaghlach go léir. 54 B’é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dein Íosa tar, éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society