Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 4:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 D’fhág sé Iúdaéa agus d’imthigh sé airís go Gaililí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 dʼfhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 D’fhág sé Iudaia, agus d’imthigh sé arís chun na Gailile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 d’fhág sé Iúdaea, agus d’imthigh sé arís go dtí an Ghalilé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do fhág sé tír Iúdaighe, agus do chúaidh sé a rís don Ghalilé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 dʼfhág sé Iúdáia agus dʼimigh sé arís don Ghailíl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 d'fhág sé Iúdáia agus d'imigh sé arís don Ghailíl.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:3
11 Tagairtí Cros  

Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.


Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa,


Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí;


Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise.


Agus d’imthigh sé airís thar Iórdan, chun na h-áite ’n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis; agus d’fhan sé ansan.


Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.


Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.


Ansan do thainig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé ’n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus ag déanamh baiste.


Agus an nídh a chonaic sé agus d’airigh sé, déineann sé fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadhnaise.


Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bhais.


I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdhaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí