Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 4:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t’fhear, agus fill anso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Arsa Íosa léi, “Imigh, glaoigh ar do chéile fir, agus tagaigí anseo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Deir Íosa léi: Imthigh, goir ar do fhear, agus tar annseo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Adubhairt Íosa léi, Imthigh, ghlaodh ar t’fhear, agus fill annso.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 A dubhairt Iosa ría, Imthigh, goir thfear féin, agus tarr ann so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar dʼfhear agus fill anseo.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:16
9 Tagairtí Cros  

Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).


Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinigh buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: dein mo chaoire do chothú.


Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d’iarraidh uisge.


D’fhreagair an bhean agus dubhairt sí: Ní’l aon fhear agam. Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní’l aon fhear agam;


Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’fhear-sa é. D’innsis an fhírinne sa méid sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí