Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IX. Radharc ag Críost ’á thabhairt do’n duine do rugadh ’n-a dhall.

1 Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine a bhí ’n-a dhall, agus gur dall a rugadh é.

2 Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a dhein peaca, é seo nó a athair ’s a mháthair, treás gur rugadh ’n-a dhall é?

3 D’fhreagair Íosa: Níor pheacaigh sé seo ná a athair ná a mháthair; ach chun go dtaisbeánfaí oibreacha Dé ann.

4 Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh.

5 An fhaid atáim ar an saoghal is mé solus an tsaoghail.

6 Nuair adubhairt sé an chaint sin do chuir sé seile ar an dtalamh, agus dhéin sé lathach leis an seile, agus chimil sé an lathach de shúilibh an daill,

7 Agus dubhairt sé leis: Imthigh agus nigh i lochán Silóé, (a míníghthear: Teachtaire). D’imthigh sé agus do nigh, agus tháinig sé thar n-ais agus radharc aige.

8 Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic roimis sin é agus é a d’iarraidh déarca: Nách é seo an fear a bhíodh ’n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus dubhairt daoine: Isé é.

9 Dubhairt daoine eile, ámhthach: Ní h-é é, ach is cosmhail leis é. Ach dubhairt an duine féin: Is mé é.

10 Agus dubhradar leis: Conus a h-osgladh do súile dhuit?

11 D’fhreagair sé: An fear san an a dtugtar Íosa, dhein sé lathach agus chimil sé de m’ shúilibh é, agus dubhairt sé liom, Imthigh go lochán Silóé agus nigh.

12 Agus d’imthigheas, agus do nígheas, agus chím. Agus dubhradar leis: Cá bhfuil an fear san? Dubhairt seisean: Ní fheadar.

13 Thugadar chun na bhFairisíneach an fear a bhí roimhe sin ’n-a dhall.

14 Agus sa tsabbóid ab eadh é nuair a dhein Íosa an lathach agus d’osgail sé súile an duine.

15 Agus airís d’fhiafraigh na Fairisínigh dé conus a fuair sé a radharc. Agus dubhairt seisean leó: Chuir sé lathach ar mo shúilibh, agus do nígheas iad, agus chím.

16 Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh; Ní h-ó Dhia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus dubhairt tuille acu: Conus is féidir do dhuine pheacamhail na mírbhúiltí seo déanamh? Agus bhí siosma eatartha.

17 Agus dubhradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a dh’osgail do shúile? Dubhairt seisean: Fáidh iseadh é.

18 Agus níor chreid na Iúdaigh go raibh sé ’n-a dhall agus go bhfuair sé a radharc, go dtí gur ghlaodhadar ar athair agus ar mháthair an t-é sin go raibh a radharc fághalta aige.

19 Agus cheistigheadar iad, agus dubhradar: An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh ’n-a dhall? Conus a thárla go bhfuil radharc anois aige?

20 D’fhreagair athair agus máthair an fhir iad, agus dubhradar: Tá fhios againn gur mac dúinn é seo, agus gur dall a rugadh é;

21 Ach chonus do thárla radharc a bheith anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé dh’osgail a shúile; fiafraighidh de féin é; tá aos aige; labhradh sé féin air féin.

22 Dubhairt an t-athair agus an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne a déarfadh gur bh’ é Críost é, é chur amach as an sinagóig.

23 Mar gheall air sin iseadh adubhairt an t-athair agus an máthair, Tá aos aige, deinidh é féin do cheistiú.

24 Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin.

25 Dubhairt seisean leó: Má’s peacach é ní fheadar-sa san. Tá fhios agam aon nídh amháin, go rabhas am’ dhall agus go bhfuil radharc anois agam.

26 Agus dubhradar-san leis: Cad a dhein sé leat? Conus a dh’osgail sé do shuíle dhuit?

27 D’fhreagair sé iad: D’innseas cheana dhaoibh é agus d’aireabhair mé. Cad ab áil libh ’ghá aireachtaint airís? An amhlaidh ba mhaith libh-se, leis, bheith i nbhúr ndeisgiobuil aige?

28 Ansan do thugadar droch-chaint dó agus dubhradar: Bí-se ad’ deisgiobul aige; is do Mhaois is deisgiobuil sinne.

29 Is eól dúinne gur labhair Dia le Maois, ach an fear so, ní h-eól dúinn cá dtáinig sé.

30 D’fhreagair an fear agus dubhairt sé leó: Go deimhin is iongantach an sgéal é sin, gan a fhios a bheith agaibh-se cá dtáinig sé, agus d’osgail sé mo shúile dhómh-sa:

31 Tá fhios againn, ámhthac, ná h-éisteann Dia le lucht peacaí dhéanamh; ach má thugann duine onóir do Dhia agus má dheineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin.

32 Níor h-airigheadh riamh ó thusach an domhain gur osgail aoinne a shúile do dhuine a rugadh ’n-a dhall.

33 Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo ní fhéadfadh sé aon nídh a dhéanamh.

34 D’fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a geineadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do theagasg? Agus do chomáineadar amach é.

35 D’airigh Íosa gur chaitheadar amach é; agus nuair a fuair sé é dubhairt sé leis: An gcreideann tusa i Mac Dé?

36 D’fhreagair seisean agus dubhairt: Cé h-é sin, a Thighearna, go gcreidead ann?

37 Agus dubhairt Íosa leis: Chonaicís é, agus an t-é atá ag caint leat isé é.

38 Ansan dubhairt seisean: Creidim, a Thighearna. Agus do shléacht sé dhó, ’ghá adhradh.

39 Agus dubhairt Íosa: Ag tabhairt breitheamhantais a thánag-sa ar an saoghal so; i dtreó go bhfeicfeadh an mhuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an mhuintir a chíonn.

40 Agus d’airigh cuid de sna Fairisínigh a bhí i n’fhochair é, agus dubhradar leis: An amhlaidh atáimíd-ne dall, leis?

41 Dubhairt Íosa leó: Dá mbeadh sibh dall ní bheadh peaca oraibh. Ach anois abrann sibh, Tá radharc againn: Leanann bhúr bpeaca oraibh.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí