Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 9:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine a bhí ’n-a dhall, agus gur dall a rugadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus ag dul thart do Íosa, chonnaic sé duine a bhí dall ó rugadh é:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus sa tsiubhal dó, do chonnaic sé duine do bhí dall ó rugadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ag gabháil thairis, do chunnairc Iósa duine do bhí dall ó rughadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 9:1
12 Tagairtí Cros  

Agus féach, bhí beirt dall ’n-a suidhe i n-aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid.


Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.


Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n-uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n-aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn.


Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas;


Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air.


Ansan do thógadar na clocha chun iad do chaitheamh leis; ach do cheil Íosa a chló ortha agus d’imthigh sé amach as an dteampul.


Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a dhein peaca, é seo nó a athair ’s a mháthair, treás gur rugadh ’n-a dhall é?


D’airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh chun a slánuighthe,


Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n-a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtháinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar bheó ó’n ndíoltas é.


Mar, an duine gur deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad bhlian.


Agus fuair sé sa n-áit sin duine d’ár bh’ainim Énéas, a bhí gan lúth a ghéag agus a bhí ar a leabhaidh ar feadh ocht mblian.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí