Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:31 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 sa chaoi go ndearna an slua iontas de, nuair a chonaic siad na balbháin ag labhairt, a mbaill beatha ag na ciothramaigh, na cláirínigh ag siúl, agus an t‑amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Ionnas go raibh iongantas ar na sluaighte, nuair a chonnaic siad na balbháin ag labhairt, na bacaigh ag siubhal, agus a n-amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 agus do leigheas sé iad: i dtreo go raibh iongnadh ar an sluagh, nuair do chonnacadar na balbháin ag labhairt, agus na mairtínigh slán, agus na daoine bacacha ag siubhal, agus radharc ag na dallaibh: agus thugadar moladh do Dhia Israeil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na balbháin ag labhairt, agus na dáoine ciorthuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhía Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

31 Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:31
23 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, agus do leighis sé iad;


Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois ’ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe.


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad.


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann.


Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél.


Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.


Agus d’eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d’imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riamh a leithéid, a deiridís.


Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhodhar agus caint do’n bhalbh.


An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine.


Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill,


Agus d’fhill an seirbhíseach agus d’innis sé na neithe sin d’á mhaighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d’urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh.


Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.


Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.


Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí