Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 15:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 agus do leigheas sé iad: i dtreo go raibh iongnadh ar an sluagh, nuair do chonnacadar na balbháin ag labhairt, agus na mairtínigh slán, agus na daoine bacacha ag siubhal, agus radharc ag na dallaibh: agus thugadar moladh do Dhia Israeil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 sa chaoi go ndearna an slua iontas de, nuair a chonaic siad na balbháin ag labhairt, a mbaill beatha ag na ciothramaigh, na cláirínigh ag siúl, agus an t‑amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Ionnas go raibh iongantas ar na sluaighte, nuair a chonnaic siad na balbháin ag labhairt, na bacaigh ag siubhal, agus a n-amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na balbháin ag labhairt, agus na dáoine ciorthuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhía Israel.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:31
23 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine bacacha aca, agus daill, agus balbháin, agus mairtínigh, agus mórán eile, agus do chuireadar síos ag a chosaibh iad;


Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe.


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad.


Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.


Agus ag imtheacht dóibh, féach, tugadh chuige balbhán ’n‐a raibh deamhan.


Agus nuair do cuireadh amach an deamhan, do labhair an balbhán: agus do‐rinne na sluaighte iongnadh dhe, agus deiridís, Ní facthas a leithéid sin riamh i nIsrael.


Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.


Agus do bhí iongnadh an‐mhór ortha, agus adubhradar, Do‐rinne sé gach uile nidh go maith: do‐bheir sé éisteacht do bhodhránaibh, agus cainnt do bhalbhánaibh.


Agus má bhíonn do lámh ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh, ’ná an dá láimh do bheith agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teinidh nach múchtar.


Acht nuair do‐bheir tusa fleadh, glaodh ar na bochtaibh, agus ar na mairtíneachaibh, agus ar na bacachaibh, agus ar na dallaibh:


Agus tháinig an seirbhíseach, agus d’innis sé na neithe sin d’á thighearna. Annsin tháinig fearg ar fhear an tighe, agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseach, Imthigh amach go mear ins na sráidibh agus i gcúlánaibh na cathrach, agus tabhair leat isteach annso na bochtáin, agus na máirtínigh, agus na daill, agus na bacaigh.


Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.


Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire.


Atá sé d’aois, cuiridh an cheist air féin. Annsin do ghlaodhadar athuair ar an duine do bhí ’n‐a dhall, agus adubhradar leis, Tabhair glóir do Dhia: is eol dúinn gur peacach an fear úd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí