Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.
Lúcás 2:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) óir is inniu a saolaíodh an Slánaitheoir daoibh i gcathair Dháibhí, agus is é an Tiarna Críost é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tá Slánuightheoir, is é sin le rádh, Críost, an Tighearna, beirthe díbh indiu i gcathair Dháibhidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 rugadh Slánaitheoir daoibh inniu–is é Críost an Tiarna é–i gcathair Dháiví. An Bíobla Naofa 1981 rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví. |
Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.
Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.
Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.
Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a seirbhíseach.
Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.
Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é.
Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost).
Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret.
Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so.
Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur bh’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.
Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn.
Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall an do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.
Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe.
Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht?
Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh):
A’ síol an fhir sin, do réir na geallamhna, tá Slánuightheóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa.
’Ghá osgailt dóibh agus ’gha chur ’n-a luighe ortha conus nár bhfoláir do’n Chríost fulag agus eirighe ós na mairbh; agus gur bh’é seo an t-Íosa Criost, atá agamsa d’á fhógairt daoibhse.
Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.
Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél.