Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XI. Lasarus á thabhairt ag Críost o’n mbás. Comhairle na riaghaltóirí chun É chur chun báis.

1 Agus bhí duine dár bh’ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé breóite.

2 B’í sin Máire do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bí breóite.

3 Agus do chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige ’ghá rádh: A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé breóite.

4 Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Ní chun báis an bhreóiteacht so, ach chun glóire Dé, ionus go dtabharfaí glóire do Mhac Dé tríthe.

5 Agus dob’ ionmhuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus.

6 Ach nuair a dh’airigh sé é bheith breóite d’fhan sé sa n-áit chéadna ar feadh dá lá.

7 Ansan, tar a éis sin, dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Téighmís go Iúdaéa airís.

8 Dubhairt a dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d’iarraidh gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul chun na h-áite sin airís?

9 D’fhreagair Íosa: Ná fuil dhá uair dhéag sa lá? Má shiubhlann duine sa lá ní gheibheann sé barathuisle, mar chíonn sé solus an tsaoghail seo.

10 Ach má shiubhlann sé sa n-oidhche gheibheann sé barathuisle, óir ní’l an solus sa duine sin.

11 Dubhairt sé an méid sin; agus ansan dubhairt sé leó: Tá ár gcara Lasarus ’n-a chodla, ach táim ag dul chun é dhúiseacht.

12 Dubhairt a dheisgiobuil leis, ámh: A Thighearna, má tá sé ’n-a chodla beidh sé go maith.

13 Ach is ar a bhás a labhair Íosa; agus mheasadar-san gur ar shuan codlata do labhair sé.

14 D’á bhrígh sin dubhairt Íosa leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis bháis;

15 Agus mar gheall oraibh-se, ionus go gcreidfeadh sibh, is maith liom ná rabhas ann; ach téighmís ag triall air.

16 Ansan dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh-dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.

17 Ansan do tháinig Íosa, agus fuair sé é agus é cheithre lá sa tuama.

18 Agus bhí Betánia i ngioracht tímpal chúig stad déag do Ierúsalem.

19 Agus bhí cuid mhór Iúdach tagaithe ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sóláis a chur ortha i ndiaidh a ndrithár.

20 Agus d’airigh Marta Íosa bheith ag teacht, agus d’imthigh sí amach ’n-a choinnibh, agus bhí Máire ’n-a suidhe sa tígh.

21 Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thighearna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh;

22 Ach anois féin tá fhios agam pé rud a iarrfair ar Dhia go dtabharfaidh Dia dhuit é.

23 Dubhairt Íosa léi: Eireóchaidh do dhritháir airís.

24 Dubhairt Marta leis: Tá fhios agam go n-eireóchaidh sé sa n-aiseirighe an lá déanach.

25 Dubhairt Íosa léi: Is mise an aiseirighe agus an bheatha; an t-é a chreideann ionam-sa, má gheibheann sé bás féin, beidh sé beó;

26 Agus gach duine atá beó agus do chreideann ionam-sa ní bhfaghaidh sé bás choidhche. An gcreideann tú san?

27 Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so.

28 Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aici d’imthigh sí agus ghlaoidh sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus dubhairt sí léi: Tháinig an Máighistir, agus tá sé ag glaodhach ort-sa.

29 Nuair airigh sisi an méid sin d’eirigh sí láithreach agus chuaidh sí ag triall air.

30 Óir ní raibh Íosa tagaithe fós isteach sa bhaile, ach bhí sé ’n-a stad sa n-áit ’n-a dtáinig Marta chuige.

31 Agus na Iúdaigh a bhí sa tigh i bhfochair Máire, ag cur sóláis uirthi, nuair a chonacadar ag eirighe í agus ag imtheacht amach chómh h-obann, do leanadar í agus dubhradar: Ag dul chun an tuama atá sí, chun guil a dhéanamh ann.

32 Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh.

33 Agus nuair a chonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaigh a tháinig i n-aonfheacht léi ag gol, do leig sé osna theacht ó n-a spioraid agus buaireamh a theacht air,

34 Agus dubhairt sé: Cár chuireabhair é? Agus dubhradar leis: Tar, a Thighearna, agus feic.

35 Agus bhí Íosa ag sileadh.

36 Agus dubhairt na Iúdaigh: Féach, cad é an cion a bhí aige air.

37 Dubhairt cuid acu, ámhthach: An fear so a d’osgail súile an t-é a rugadh ’n-a dhall, an amhlaidh nar fhéad sé an duine seo choimeád gan bás d’fhagháil?

38 Agus dhein Íosa osna airís, agus tháinig sé chun an tuama; agus pluais charaige ab eadh an tuama, agus cloch anuas uirthi.

39 Dubhairt Íosa: Tógaidh an chloch. Dubhairt Marta leis, drifiúr an duine mhairb: A Thighearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé cheithre lá marbh.

40 Dubhairt Íosa léi: Ná dubhart leat má chreideann tú go bhfeicfir glóire Dé?

41 Ansan do tógadh an chloch. Agus d’fhéach Íosa suas agus dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom.

42 Bhí fhios agam féin, ámhthach, go n-éisteann tú liom i gcómhnuighe, ach dubhart é sin ar son na ndaoine atá anso am’ thímpal, i dtreó go gcreid-fidís gur chuiris-se uait mé.

43 Tar éis na cainte sin do rádh dhó do ghlaoidh sé do ghuth árd: A Lasaruis, tar amach.

44 Agus tháinig amach láithreach an t-é a bhí marbh, agus na ceangail bháis ar a lámhaibh agus ar a chosaibh, agus an t-éadach ar a cheannachaibh. Dubhairt Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear chun siu bhail é.

45 Ansan do chreid a lán de sna Iúdaig ann, de’n mhuintir a tháinig ag triall ar Mháire agus ar Mharta, agus a chonaic na neithe a dein sé.

46 Ach d’imthigh cuid acu ag triall ar na Fairisínigh agus d’innseadar dóibh cad a dhein Íosa.

47 Ansan do chruinnigh na h-árdshagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á dhéanamh, agus é seo ag déanamh a lán mírbhúiltí?

48 Má sgaoilimíd leis ar an gcuma so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na Rómhánaigh agus sgriosfid siad ár dtír agus ár gcinéal.

49 Agus bhí aoinne amháin ortha agus Caiphas ab ainim dó, agus b’é árdshagart na bliana san é, agus dubhairt sé leó: Ní thuigeann sibh-se aon nídh.

50 Ní mhachtnuigheann sibh conus mar isé bhúr leas aon duine amháin d’fhághail bháis thar cheann an phobuil, agus gan an cinéal go léir do dhul an ceal.

51 Ní uaidh féin, ámhthach, adubhairt sé an chaint sin, ach ó b’é an t-árdshagart é do’n bhliain, do labhair sé targaireacht, go raibh Íosa chun báis d’fhagháil ar son an chinéil;

52 Agus ní h-ar son an chinéil amháin, ach chun clainne Dé a bhí sgaipithe do chruinniú i n-aon bhuidhin.

53 Ó’n lá san amach, d’a bhrígh sin, bhíodar ag beartú an é chur chun báis.

54 Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.

55 Ansan bhí cáisg na n-Iúdach go h-achamair, agus mórán daoine ag teacht go Ierúsalem ó’n dtuath roimis an gcáisg chun iad féin do naomhú.

56 Agus bhíodar ag lorg Íosa, agus iad ag caint eatartha féin ’n-a seasamh sa teampul: Cad is dóigh libh fé ndeara dhó gan teacht chun lae na féile?

57 Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdú, da mbeadh fhios ag aoinne cá raibh sé, é dh’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí