Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 11:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige ’ghá rádh: A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé breóite.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige, á rá, “A Thiarna, an té a bhfuil cion agat air, tá sé breoite.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Ar an adhbhar sin, chuir a dheirbhsheathracha scéala chuige, ag rádh: a Thighearna, féach, tá an té is ionmhuin leat tinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do chuir an bheirt deirbhshiúr teachtaireacht chuige, g‐á rádh, A Thighearna, féach, an té is ionmhain leat atá sé breoite.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uime sin do chuireadar a dheirbhsheathracha fios chuigesion, ag rádh, A Thighearna, féuch, atá an té as ionmhuin leachd tinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige dá rá: “A Thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:3
16 Tagairtí Cros  

Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus bhí duine dár bh’ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé breóite.


Dubhairt sé an méid sin; agus ansan dubhairt sé leó: Tá ár gcara Lasarus ’n-a chodla, ach táim ag dul chun é dhúiseacht.


B’í sin Máire do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bí breóite.


Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thighearna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh;


Agus dubhairt na Iúdaigh: Féach, cad é an cion a bhí aige air.


Agus dob’ ionmhuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus.


Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is mé san.


Thárla go raibh ’n-a luighe i n-ucht Íosa duine dh’á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí