Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 11:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 B’í sin Máire do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bí breóite.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ba í an Mhuire úd í, a dʼung an Tiarna le huinnimint agus a chuimil a chosa le gruaig a cinn, a raibh a deartháir Lasarus breoite.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 (Agus b’í Máire an té úd a d’ung an Tighearna le h-ungadh, agus a thriomuigh a chosa le n-a gruaig: agus a raibh a dearbhráthair Lasair tinn).

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Máire d’ong an Tighearna le h‐uinnimint, agus do thriomuigh a chosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raibh a dearbhráthair Lasarus breoite.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 (Agus do bí an Muire do ong an Tighearna lé huinnement, agus do thiormuigh a chosa lé na grúaig, dar dhearbhrathair Lásarus do bhí tinn.)

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:2
11 Tagairtí Cros  

Agus bhí sé i mBetánia, i dtigh Shímóin lobhair, ’n-a shuidhe chun bídh agus tháinig bean agus bosca alabastair aici d’ola spícnáird a bhí ana-dhaor, agus do bhris sí an bosca alabastair agus dhoirt sí an ola ar a cheann.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thighearna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh;


Agus do chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige ’ghá rádh: A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé breóite.


Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh.


Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird.


Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is mé san.


D’á bhríg sin, má nígheas-sa bhúr gcosa dhaoibh-se agus gur mé an Tighearna agus an Máighistir, is ceart daoibh-se, mar an gcéadna, cosa a chéile do níghe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí