Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 béarfaidh sise mac, agus tabharfaidh tusa Íosa mar ainm air, ós é a shlánós a phobal óna bpeacaí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus béarfaidh sí mac, Agus béarfaidh tusa Íosa mar ainm air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Béarfaidh sí mac, agus do‐bhéarfaidh tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóchaidh sé a phobal ó n‐a bpeacaidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus béaruidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Iosa dainm air: óir sláineochadh sé a phubal féin ó na bpeacuighibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:21
36 Tagairtí Cros  

Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.


Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air;


Féach, geobhair gein ad’ bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair Íosa mar ainim air.


mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid.


Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn.


An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ar teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain.


Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall an do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.


A’ síol an fhir sin, do réir na geallamhna, tá Slánuightheóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa.


Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n-iompóchadh gach duine é féin ó n-a dhroch-bheartaibh.


Óir níor tugad do dhaoine ainim eile fá neamh le ’na gcaithfar sinn a shábháil.


Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí