Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Tharla sin uile ag comhlíonadh a raibh ráite ag an Tiarna ó bhéal an fháidh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus thárla seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna fríd an fháidh a dubhairt:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus do rinneadh so uile, do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna tres an bhfaidh, ag rádh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:22
22 Tagairtí Cros  

Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé:


Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.


Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.


agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás; Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.


Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.


Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamhnídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh.


Ionus go bhfíor-faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.


Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómhlíonfar gach a bhfuil sgríobhtha.


Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.


Má dubhairt sé gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh,


Ach ionus go gcómhlíonfaí an focal atá sgríobhtha sa dlígh atá acu: Do thugadar fuath dhom gan chúis.


An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde as aoinne acu ach ar mhac na h-íde, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir.


An mhuintir a thugais dom níor chailleas aon duine acu.


Agus do chómhlíon Dia an nídh a thargair sé tré bhéalaibh na bhfáidh go léir, go ndéanfadh a Críost fulang.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí