Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Tharla sin uile ag comhlíonadh a raibh ráite ag an Tiarna ó bhéal an fháidh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus thárla seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna fríd an fháidh a dubhairt:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus do rinneadh so uile, do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna tres an bhfaidh, ag rádh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:22
22 Tagairtí Cros  

ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tré Ésáias fáidh,


acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair.


ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh; Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan.


D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.


agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.


Ná measaidh gur chum na dlighe nó na bhfáidh do chur ar neamh‐nidh thánag‐sa: ní chum iad do chur ar neamh‐nidh thánag, acht chum iad do chóimhlíonadh.


chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair.


Óir is laetheanta díoghaltais na laetheanta sin, chum go gcóimhlíonfar gach a bhfuil scríobhtha.


Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.


Má dubhairt sé gur déithe iad‐san, go dtáinig briathar Dé chuca (agus ní féidir an scrioptúir do chur ar neamh‐nidh),


Acht chuige sin tharla, chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar atá scríobhtha ’n‐a ndlighe, Thugadar fuath dhom gan chúis.


An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir.


chum go gchóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt sé, Dhíobh‐san thugais dom níor chailleas duine.


Acht is ar an gcuma sin do chóimhlíon Dia an méid a thug Dia le tuigsin daoibh roimh ré tré bhéal na bhfáidh go léir, go gcaithfeadh a Chríost fulang.


do gheall sé roimh ré tré n‐a fháidhibh ins na scrioptúiribh naomhtha,


Óir do chuir Dia ’n‐a gcroidheachaibh a thoil do dhéanamh, agus a bheith ar aon chómhairle, agus a ríoghacht do thabhairt do’n ainmhidhe, nó go gcóimhlíontar briathra Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí