Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 1 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil I Geinealach Chríost: gabhadh agus rugadh ó óigh é.

1 Leabhar geinealaigh Íosa Críost, mac Dháibhidh, mac Abrahaim.

2 Ghein Abraham Isaac. Agus ghein Isaac Iacób. Agus ghein Iacób Iúdas agus a dhearbhráithre.

3 Agus ghein Iúdas Páres agus Sára ó Thámar. Agus ghein Páres Esron. Agus ghein Esron Aram.

4 Agus ghein Aram Aminadab, agus ghein Aminadab Naasson. Agus ghein Naasson Salmon.

5 Agus ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus ghein Boos Obed ó Rút. Agus ghein Obed Iesse.

6 Agus ghein Iesse Dáibhidh, an rí. Agus ghein Dáibhidh, an rí, Salomon uaithe siúd a bhí mar mhnaoi ag Urías.

7 Agus ghein Salomon Roboam. Agus ghein Roboam Abias. Agus ghein Abias Asa.

8 Agus ghein Asa Iósaphat. Agus ghein Iósaphat Ióram. Agus ghein Ióram Osías.

9 Agus ghein Osías Ióatam. Agus ghein Ióatam Achas. Agus ghein Achas Esechías.

10 Agus ghein Esechías Mhanasses. Agus ghein Manasses Amon. Agus ghein Amon Iósías.

11 Agus ghein Iósías Iechonías agus a bhráithre le linn na h-imirce chun na Baibileoine.

12 Agus i ndiaidh na h-imirce chun na Baibileoine ghein Lechonías Salatiel. Agus ghein Salatiel Sorobabel.

13 Agus ghein Sorobabel Abiud. Agus ghein Abiud Eliacim. Agus ghein Eliacim Asor.

14 Agus ghein Asor Sadoc. Agus ghein Sadoc Achim. Agus ghein Achim Eliud.

15 Agus ghein Eliud Eleásar. Agus ghein Eleásar Mátan. Agus ghein Mátan Iacób.

16 Agus ghein Iacób Ióseph, fear-chéile Mhuire; ó n-a rugadh Íosa dá ngoirtear Críost.

17 Dá bhrigh sin, na geinealacha uilig ó Abraham go Dáibhidh is ceithre glúine déag iad: agus ó Dháibhidh go h-imirce na Baibileoine ceithre glúine déag: agus ó imirce na Baibileoine go Críost ceithre glúine déag.

18 Ba mar seo a bhí geineamhaint Chríost: Nuair a bhí Muire, a mháthair, luaidhte le h-Ióseph, sul a dtáinic siad i dteannta a chéile, fuarthas í ag iomchar cloinne ó’n Spiorad Naomh.

19 Acht mar gur dhuine cóir Ióseph, a fear, Agus nár mhaith leis a cliú a bhaint dí, ba mhian leis í a chur uaidh i ngan fhios.

20 Acht nuair a bhí sé ag machtnamh ar na neithe sin, féach, d’fhoillsigh aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, ag rádh: A Ióseph, a mhic Dhaibhidh, ná bíodh eagla ort Muire, do bhain-chéile, a ghlacadh chugat: óir an neach atá ar n-a gabháil inntí, is ó’n Spiorad Naomh é.

21 Agus béarfaidh sí mac, Agus béarfaidh tusa Íosa mar ainm air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaidhe.

22 Agus thárla seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna fríd an fháidh a dubhairt:

23 Féach, béidh maighdean ag iomchar cloinne, agus béarfaidh sí mac, agus bhéarfaidh siad Emmanuel air mar ainm, rud a chialluigheas, Dia maille linn.

24 Agus ar mhuscladh as a chodladh do Ióseph, rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dó, agus ghlac sé chuige a bhain-chéile.

25 Agus níor aithin sé í go dtí go rug sí a mac, a céid-ghein, agus thug sé Íosa mar ainm air.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí