Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Béarfaidh sí mac, agus do‐bhéarfaidh tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóchaidh sé a phobal ó n‐a bpeacaidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 béarfaidh sise mac, agus tabharfaidh tusa Íosa mar ainm air, ós é a shlánós a phobal óna bpeacaí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus béarfaidh sí mac, Agus béarfaidh tusa Íosa mar ainm air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus béaruidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Iosa dainm air: óir sláineochadh sé a phubal féin ó na bpeacuighibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:21
36 Tagairtí Cros  

acht níor aithin sé í nó go rug sí mac, agus thug sé ÍOSA mar ainm air.


Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air.


Agus féach, geobhair gein id’ bhroinn, agus béarfair mac, agus glaodhfair ÍOSA mar ainm air.


óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn.


An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain!


agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.


Is ó shliocht an fhir sin, de réir na geallamhna, thug Dia Slánuightheoir d’Israel, Íosa;


Chugaibh‐se ar dtús do chuir Dia a Sheirbhíseach, nuair thóg sé suas é, chum sibh do bheannú, ag iompodh gach duine agaibh ó n‐bhúr gcuirptheacht.


Agus ní fhuil slánú le fágháil i n‐aoinneach eile: óir ní fhuil aon ainm eile fá neamh tugadh do dhaoinibh le n‐ar bh’fhéidir ár slánú.


D’árduigh Dia le n‐a láimh dheis é chum bheith ’n‐a Phrionnsa agus ’n‐a Shlánuightheoir, chum aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadhdo thabhairt d’Israel.


thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh.


D’á bhrigh sin atá ar chumas dó na daoine thig chum Dé tríd do shlánú ar fad, de bhrigh go maireann sé beo i gcómhnaidhe chum eadarghuidhe do dhéanamh ar a son.


acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn.


Agus is eol daoibh gur foillsigheadh é chum peacadh do chur ar ceal; agus ní fhuil peacadh ar bith ann féin.


Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí