Matha 1 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Íosa, Mac Dháiví … 1 Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. 2 Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; 3 ghin Iúdá Peiris agus Zára ó Thámár; ghin Peiris Heasrón; ghin Hasrón Aram; 4 ghin Aram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmónae; 5 ghin Salmónae Bóaz ó Rácháb; ghin Bóaz Óbaed ó Rút; ghin Óbaed Ieise; 6 ghin Ieise Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úiríá; 7 ghin Solamh Reachabám; ghin Reachabám Aibia; ghin Aibia Ásá; 8 ghin Ásá Ióiseáfát; ghin Ióiseáfát Ióirím; ghin Ióirím Uizíá; 9 ghin Uizíá Iótám; ghin Iótám Ácház; ghin Ácház Hiziciá; 10 ghin Hiziciá Manaise; ghin Manaise Ámós; ghin Amós Ióisíá; 11 ghin Ióisíá Iacóinia agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine. 12 Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iacóinia Séailtiéil; ghin Séailtiéil Zarabáibil; 13 ghin Zarabáibil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; 14 ghin Azór Zádóc; ghin Zádóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; 15 ghin Eiliúd Eileázár; ghin Eileázár Matan; ghin Matan Iacób; 16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. 17 A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre ghlúin déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre ghlúin déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre ghlúin déag. … a Gabhadh ón Spiorad Naomh, a Rugadh ó Mhuire Ógh 18 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le hIósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. 21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” 22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: 23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air,” – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. 24 Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.