Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL I. Geinealach Chríost: do gabhadh agus do rugadh é ó mhaighdin.

1 Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic Ábrahaim.

2 Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób, agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhritháracha.

3 Agus do ghein Iúdás Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do ghein Pháres Esron. Agus do ghein Esron Aram.

4 Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson Salmon.

5 Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse. Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí.

6 Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a bhí ag Urias.

7 Agus do ghein Salomón Robóam. Agus do ghein Robóam Abia. Agus do ghein Abia Asa.

8 Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghein Iósaphat Ióram. Agus do ghein Ióram Ósias.

9 Agus do ghein Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Achas Esecias.

10 Agus do ghein Esecias Manasses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosias.

11 Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine.

12 Agus tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel.

13 Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliacim. Agus do ghein Eliacim Asor.

14 Agus do ghein Asor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achim. Agus do ghein Achim Eliud.

15 Agus do ghein Eliud Eleásar. Agus do ghein Eleásar Matan. Agus do ghein Matan Iácób.

16 Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.

17 D’á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag. Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre glúine déag.

18 Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh.

19 Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios.

20 Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.

21 Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.

22 Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:

23 Féach, beidh gein’n-a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn.

24 Agus nuair a dh’eirigh Ióseph as a chodla do dhein sé mar a dh’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile;

25 Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí