Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Ach fuair sé taispeáint, agus é ar na smaointe sin, dʼaingeal ón Tiarna i mbrionglóid, agus é á rá leis, “A Iósaif, a mhic Dháibhí, ná bíodh eagla ort faoi ghlacadh le Muire do bhanchéile, mar an ghin atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh í;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Acht nuair a bhí sé ag machtnamh ar na neithe sin, féach, d’fhoillsigh aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, ag rádh: A Ióseph, a mhic Dhaibhidh, ná bíodh eagla ort Muire, do bhain-chéile, a ghlacadh chugat: óir an neach atá ar n-a gabháil inntí, is ó’n Spiorad Naomh é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Acht ag machtnamh dhó air, do taidhbhrigheadh dhó i n‐aisling aingeal an Tighearna, adubhairt, a Sheosaimh, a mhic Dhaibhí, ná bíodh eagla ort do chéile, Muire, thabhairt chun aoin‐tighis leat; óir, an ghein atá gabhtha aice, is ó’n Spiorad Naomh í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus ag smúaineadh na neithise dhó féuch, do fhoillsigh aingeall an Tighearna e féin dó a naisling, ag rádh, A Ióseph, mhic Dháibhi, na bíodh eagla ort do bhean fein Muire do ghabháil chugad; oir an ni atá ar na gheineamhuin innte is ón Spiorad Náomh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:20
38 Tagairtí Cros  

Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh.


Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre féin.


Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe.


Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n-Éigipt.


Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí.


Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.


Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh.


Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.


Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é.


Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí