Matha 1:20 - An Bíobla Naofa 198120 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)20 Ach fuair sé taispeáint, agus é ar na smaointe sin, dʼaingeal ón Tiarna i mbrionglóid, agus é á rá leis, “A Iósaif, a mhic Dháibhí, ná bíodh eagla ort faoi ghlacadh le Muire do bhanchéile, mar an ghin atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh í; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara20 Acht nuair a bhí sé ag machtnamh ar na neithe sin, féach, d’fhoillsigh aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, ag rádh: A Ióseph, a mhic Dhaibhidh, ná bíodh eagla ort Muire, do bhain-chéile, a ghlacadh chugat: óir an neach atá ar n-a gabháil inntí, is ó’n Spiorad Naomh é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 Acht ag machtnamh dhó air, do taidhbhrigheadh dhó i n‐aisling aingeal an Tighearna, adubhairt, a Sheosaimh, a mhic Dhaibhí, ná bíodh eagla ort do chéile, Muire, thabhairt chun aoin‐tighis leat; óir, an ghein atá gabhtha aice, is ó’n Spiorad Naomh í. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Agus ag smúaineadh na neithise dhó féuch, do fhoillsigh aingeall an Tighearna e féin dó a naisling, ag rádh, A Ióseph, mhic Dháibhi, na bíodh eagla ort do bhean fein Muire do ghabháil chugad; oir an ni atá ar na gheineamhuin innte is ón Spiorad Náomh é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201220 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Féach an chaibidil |